Níl mórán tithe ar Oileán Dúiche anois, níl cé ar bith ann ach oiread. In Inis Bó Finne fuarthas babhla nó cupán déanta as cloch ach measann sí gur cailleadh é. Chonaic sí fáinne (Fairy Ring) ar an chnoc os cionn na scoile. Bhí dath níos éadroime ar an fhéar san fháinne. Deirtear gur seo an áit a mbíonn na sióga ag damhsa. An oíche a tháinig na sióga aniar an bealach mór agus isteach an tí ag seanbhean a bhí ina cónaí ar an oileán.